Léirítear Bia mar bhreosla, a chuireann fuinneamh ar fáil dúinn.
An Teoiric
Déanann an físeán seo nasc le réamheolas na ndaltaí mar úsáidtear gnáthshampla laethúil – sa chás seo, cén chaoi a n-úsáidtear peitreal mar bhreosla i gcarranna. Sa chaoi seo beidh na daltaí ábalta ceangal a dhéanamh leis an ábhar atá á léiriú dóibh.
Conas an físeán seo a úsáid
Léirítear bia mar bhreosla a chuireann fuinneamh ar fáil dúinn. Léirítear é seo tré chás ón bhfíorshaol a úsáid – úsáidtear peitreal mar bhreosla chun fuinneamh a thabhairt do charranna. Léiríonn an cás seo an chaoi a n-oibríonn bia mar bhreosla, a chuireann fuinneamh ar fáil don duine. Tá na híomhánna dathannach agus tarraingteach agus tarraingeoidh sé seo aird na ndaltaí.
Ceisteanna agus Freagraí
- Úsáidtear bia chun fuinneamh a chur ar fáil. Céard iad na cúiseanna eile a mbaintear úsáid as bia?Le haghaidh fás agus deisiú
- Céard iad na comhpháirteanna difriúla atá ag bia?Carbaihiodráití, saillte, próitéiní, vitimíní, mianraí, agus uisce.
- Cén fáth an gcaithfear a chinntiú go bhfuil muid ag tógáil na cineálacha bia ceart?Le cinntiú go bhfuil muid ag fáil ár ndóthain fuinnimh, fadhbanna maidir leis an iomarca meáchain, otracht agus saincheisteanna gaolmhara a sheachaint, le cinntiú go bhfuil muid ag tógáil ár ndóthain iarainn chun ainéime a sheachaint.
- Céard a thugtar ar aiste bia nuair atá na comhpháirteanna cearta uile ann?Aiste chothromaithe bia.
- Céard is féidir linn a dhéanamh chun aiste chothromaithe bia a chur i bhfeidhm ?Is féidir linn an pirimid bia a úsáid chun aiste chothromaithe bia a chur i bhfeidhm.
Naisc Thraschuraclaim
Is féidir nasc a dhéanamh leis an ábhar Eacnamaíocht Bhaile ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh, mar tá bia mar théama lárnach san ábhar seo. Is féidir nasc a dhéanamh leis an ábhar O.S.S.P freisin mar déantar staidéar ar bhia sláintiúil san ábhar seo.
Litearthacht (Eochairfhocail)
- Bia
- Fuinneamh
- Carbaihiodráití
- Saillte
- Próitéiní
- Vitimíní
- Mianraí
- Uisce
- Aiste chothromaithe bia
- Comhábhair / comhpháirteanna
Uimhearthacht
Laistigh den topaic Bia, cuirfear na daltaí ar an eolas faoi luachanna fuinnimh maidir le Bia. Úsáidtear ciligiúil sa ghram (KJ/g) chun luachanna fuinnimh i mbia a thomhais. Léirítear an chiondáil mholta laethúil do bhuachaillí agus do chailíní ( i staid gníomhach agus neamhghníomhach ) sna téacsleabhair. Is féidir le múinteoirí na daltaí a threorú agus iad ag comhaireamh cé mhéad den riachtanas laethúil a chuireann gach píosa bia ar fáil.